25,000 taifead stairiúil nua eisithe ag Taisce Taifead Fhíorúil na hÉireann

Posted on: 01 July 2024

25,000 taifead stairiúil nua eisithe ag Taisce Taifead Fhíorúil na hÉireann

Tá 25,000 taifead stairiúil nua curtha ar fáil saor in aisce don phobal chun ceiliúradh a dhéanamh ar chuimhneachán 102 bliain ó scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí, Éire, Dé Domhnaigh, 30 Meitheamh.

Tá na taifid ar fáil den chéad uair riamh ag Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann (VRTI), athchruthú digiteach d’Oifig na dTaifead Poiblí agus a cuid bailiúchán a seoladh sa bhliain 2022. 

Is ionann an VRTI atá faoi stiúir Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus comhoibriú idir staraithe, eolaithe ríomhaireachta, cartlanna agus leabharlanna ar fud oileán na hÉireann agus mórthimpeall an domhain agus iad ag oibriú chun athchruthú a dhéanamh, trí theicneolaíochtaí digiteacha, ar ár gcartlann náisiúnta a scriosadh i ndóiteán ag tús Chogadh Cathartha na hÉireann. 

Tar éis dhá bhliain ó seoladh é, tá na céadta mílte íomhánna digiteacha ag an VRTI anois d’athchóipeanna doiciméid — tras-scríbhinní agus cóipeanna — atá aitheanta ag cartlanna comhpháirtíochta in Éirinn agus mórthimpeall an domhain.  

Tá uasghrádú déanta ar eispéireas gréasáin an VRTI don cheiliúradh 102 bliain, le gnéithe nua, lena n-áirítear, nascleanúint agus aimsiú feabhsaithe ar fud na mbailiúchán de dhoiciméid athchóipeáilte dhigiteacha agus 100 milliún focal de théacs tras-scríofa. Tá ceithre athchruthú ó bhonn déanta ar shraith iomlán taifid ar a dtugtar na Gold Seams, agus deich gcinn de Bhailiúcháin Choimeádta, ar fáil anois freisin.  

Dúirt Staraí ó Choláiste na Tríonóide, Peter Crooks, Stiúrthóir Acadúil Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann: “Ó seoladh an Maoinchiste Samhalta an chéad lá riamh sa bhliain 2022 ar chomóradh céad bliain dhóiteán na gCeithre Cúirteanna, tá dúbailt ó thaobh scála tagtha ar na bailiúcháin, atá coimeádta le cúnamh ónár gcomhpháirtithe ar fud na hÉireann, na Breataine agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ach níl sé ach ina thús fós. Táimid de shíor ag déanamh dul chun cinn teicneolaíochta agus ag bunú comhpháirtíochtaí nua chun go mbeidh Éire ina ceannaire domhanda maidir le hiniúchadh cruthaitheach na gcartlann digiteach. Léirítear seacht gcéad bliain de stair na hÉireann in eisiúint na bliana seo, a théann siar chomh fada leis na Meánaoiseanna agus a shíneann trasna an oileáin, ó thorthaí dhaonáireamh na bliana 1821 d’Inis Eoghain, Contae Dhún na nGall, go litreacha a bhaineann leis an tréimhse tar éis chath Chnoc Fhíodh na gCaor, Contae Loch Garman, le linn éirí amach 1798.” 

Leantar sa chlár taighde, atá á óstach ag Lárionad ADAPT d’ábhar atá bunaithe ar IS de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI), leis an nuálaíocht, go háirithe i réimse na Sonraí Oscailte. Ag féachaint chun cinn go dtí an bhliain 2025, dúirt Declan O’Sullivan, Ollamh le hEolaíocht Ríomhaireachta, SFI ADAPT, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: “Tá forbairt an Ghraif Faisnéise do Stair na hÉireann á stiúradh ag m’fhoireann Eolaíochta Ríomhaireachta — uirlis chumhachtach a dhéanann eagrú agus líonrú ar mhéideanna ollmhóra faisnéise mar shonraí oscailte nasctha 5-réalta. Sa bhliain atá amach romhainn, táimid ar bís uirlisí nua a sheoladh chun deis a thabhairt don phobal agus do lucht taighde iniúchadh a dhéanamh ar an ngraf, a dhéanfar a chomhtháthú gan stró isteach i láithreán gréasáin an VRTI.” 

Buaicphointí na ndoiciméad a eisíodh:  

  • Soláthraíonn Bailiúchán nua Éirí Amach 1798, atá coimeádta i gcomhpháirtíocht le Cartlann Náisiúnta na hÉireann (NAI), rochtain dhigiteach ar chatalóg de 8,000 mír i bPáipéir an Éirí Amach, rud a chuireann béim ar an uain chinniúnach i Stair na hÉireann. Cuireann an bailiúchán seo léargas uathúil ar fáil ar thús Phoblachtachas na hÉireann, chomh maith le nádúr Éirí Amach 1798.  
  • Tá obair bhleachtaireachta mhionsonraithe ag cuidiú le tras-scríbhinní an daonáirimh roimh an nGorta Mór a scriosadh sa bhliain 1922 a nochtadh. Go dtí seo, tá breis is 200,000 ainm aitheanta sa VRTI ón daonáireamh roimh an nGorta Mór a bhí ar iarraidh. Tá sampla beag de na taifid tras-scríofa seo, atá i gCartlann Náisiúnta na hÉireann agus i gcartlanna eile ar fud oileán na hÉireann, le fáil anois ar líne den chéad uair riamh.
  • Clár an 15ú céad ó Ard Mhacha atá luachmhar agus atá caomhnaithe agus digitithe ag Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann, ina ndéantar cur síos ar an gcaidreamh idir Ulaidh Ghaelach agus coróin Shasana sna meánaoiseanna.
  • Rinne Cartlann Náisiúnta na Ríochta Aontaithe aistriú agus digitiú ar thaifid státchiste ón meánaois suas go dtí an bhliain 1327 a bhaineann le blianta tábhachtacha ionradh na hAlban ar Éirinn faoin Rí, Robert Bruce.
  • Tá imleabhar ó bhailiúchán ollmhór de Pháipéir Stáit na hÉireann le fáil saor in aisce anois ón VRTI, a chuireann an dearcadh ó Londain sna 1600aidí ar fáil. Is blaiseadh é seo de 26,000 íomhá ó Chartlann Náisiúnta na Ríochta Aontaithe atá le seoladh sa bhliain 2025.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin: “Fáiltím roimh an eisiúint spreagúil seo den taighde nua ó Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann, le linn dúinn a bheith ag ceiliúradh cothrom 102 bliain ó Dhóiteán na gCeithre Cúirteanna agus tús á chur leis an gCogadh Cathartha.  

“Is ionann Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann agus oidhreacht stuama agus thábhachtach ar Dheich mBliana na gCuimhneachán. Sa bhliain 2022, ba chúis áthais dom maoiniú €3.6 milliún a cheadú chun tacú leis an gcéim nua taighde trí bliana seo ó 2023 go 2025 – a chiallaigh go raibh infheistíocht iomlán na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sa tionscadal ón mbliain 2019 sa bhreis ar €6 milliún.   

“Tá obair na gcapall déanta – beidh na foinsí cartlainne seo ina n-údar spéise ag go leor lucht spéise, ag baile agus thar lear, ar mian leo tuilleadh a fhoghlaim maidir lenár stair. Fáiltím roimh an taighde ar thaifid an Daonáirimh roimh an nGorta Mór – a thabharfaidh tuiscint níos fearr dúinn ar an oidhreacht is mó atá againn ó cheann de na tréimhsí is tragóidí agus is mó a bhí ina chúis le hathrú ar stair na tíre. Tá ríméad orm gur thug an Maoinchiste Annála Samhalta a chuid oibre chomh fada le lucht spéise i nDún na nGall, Maigh Eo agus Cill Mhantáin le bliain anuas, ag déanamh ceangal díreach le pobail a bhfuil a gcuid staire á déanamh níos inrochtana.”

“Déanaim comhghairdeas leis an bhfoireann tionscadail agus gabhaim buíochas ó chroí leis na comhpháirtithe croíláir a bhí flaithiúil lena gcuid cartlann agus a roinn a gcuid ama agus saineolais.”

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551