Buataisí Doc Marten, Cloig agus Sionnach: Insítear scéal Choláiste na Tríonóide trí 50 mír

Posted on: 04 July 2024

Sa bhliain 2016, rinne mac léinn ar an mBonnchúrsa, Sandra Redmond, cur i láthair d’fhoireann Chlár Rochtana na Tríonóide (TAP), a thugann tacaíocht do mhic léinn ó cheantair faoi ghannionadaíocht.  Bhí péire buataisí burgúnacha Dr Marten curtha in oiriúint go cúramach aici, agus línte ó dhán W.B. Yeats, Aedh Wishes for the Cloths of Heaven greanta aici ar na buataisí. 

Dark red leather boots

Tá íomhá de na buataisí áille seo, mar a tharlaíonn sé, na bróga is ansa le glúnta de mhic léinn Choláiste na Tríonóide, ar liosta de 50 mír a insíonn scéal Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Is féidir é sin go léir a fheiceáil in Trinity in 50, The Story of a University, leabhar nua maidir leis an ollscoil a foilsíodh le gairid.

Áirítear ar raon eicléictiúil míreanna, dhá phortráid shuntasacha a chruthaigh rannpháirtithe i gClár Caradaithe chun ainmniúchán Choláiste na Tríonóide a léiriú mar Ollscoil Tearmainn sa bhliain 2021.

Ó shaothar Samuel Beckett go dtí na dealbha brád atá sa tSean-Leabharlann, léirítear sa leabhar seo seoda ealaíne, ábhar agus achoimriú, an bhrí a ghabhann leo agus na scéalta a insíonn siad maidir le stair na hollscoile. 

The blue clock that overlooks Trinity's Front Square

Tá íomhá de Sam roghnaithe freisin, sionnach cáiliúil Choláiste na Tríonóide, sionnach beag baineann a rinne baile den champas le linn dhianghlasáil COVID- 19. Thug an fhoireann aire don sionnach beag agus bhí cúig choileán aici.

Agus ar leathanach eile, bhí an sféar cré-umha mar phointe teagmhála ar an gcampas lasmuigh den Leabharlann ó suiteáladh é sna 1980aidí - Arnaldo Pomodoro’s Sfera con Sfera (sféar laistigh de sféar) a sheasann do bhailiúchán ealaíne na hOllscoile a chuimsíonn 2,500 saothar i 500 láthair.

Agus ceann eile fós, Stevie an róbat, cúntóir cuiditheach AI atá deartha i gColáiste na Tríonóide chun feabhas a chur ar an gcaighdeán saoil do dhaoine scothaosta i socrúcháin chúraim.

Tá an Clog Gorm féin ann freisin, tá an clog seo le feiceáil ag cuairteoirí os cionn Gheata Choláiste na Tríonóide agus gabhann a scéal féin leis. Sa bhliain 1880, socraigh Réadlann Dhún Sinche, a osclaíodh céad bliain roimhe sin mar Réadlann a bhí ceangailte le Coláiste na Tríonóide, Meán-Am Bhaile Átha Cliath. Bhí an Clog Gorm ar cheann de cheithre chlog phoiblí i mBaile Átha Cliath a bhí sioncrónaithe le Dún Sinche. Mhair Meán-Am Bhaile Átha Cliath (a bhí socraithe 25 nóiméad agus 21 soicind taobh thiar den GMT) go dtí an bhliain 1916.

Sam the fox, looking casually at the camera in the Provost garden

Is iad pobal agus alumnas an Choláiste a roghnaigh na ‘míreanna’.

Tabharfar tacaíocht d’obair Choláiste na Tríonóide mar Ollscoil Tearmainn trí chion den teacht isteach ón leabhar a rachaidh chuig Ciste Tearmainn Choláiste na Tríonóide. Tacaíonn an Ciste seo le mic léinn agus le scoláirí atá ar a dteitheadh ó chogadh agus ó ghéarleanúint. Tacaíonn Coláiste na Tríonóide le mic léinn agus le scoláirí trí scoláireachtaí chomh maith le tionscnaimh phobail ar nós ranganna Béarla do dhídeanaithe a chur ar fáil.

Féach siopa ar líne Choláiste na Tríonóide anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil: https://gifts.tcd.ie/trinity-in-50-the-story-of-a-university

Media Contact:

Catherine O’Mahony | Media Relations | catherine.omahony@tcd.ie