Ceiliúradh déanta ar na Deirfiúracha Yeats agus ar dhearadh na hÉireann ag taispeántais ag baile agus thar lear

Posted on: 07 June 2024

Tá ceiliúradh á dhéanamh ar an gcion ar leith a chuir na deirfiúracha Yeats le cultúr ceardaíochta na hÉireann i dtaispeántas nua i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath atá á reáchtáil sa tSean-Leabharlann go dtí mí Meán Fómhair.

Taispeánfar, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, leagan taistil den taispeántas go hidirnáisiúnta trí líonra domhanda Ambasáidí agus Consalachtaí, atá ag cur oidhreacht dheartha na hÉireann, oidhreacht bhuan Elizabeth agus Lily Yeats agus ealaíontóirí eile Cuala i láthair lucht spéise nua agus déanfar ceiliúradh ag an am céanna ar fhiontair cheardaíochta agus chruthaitheacha eile faoi stiúir na mban.

Bhí Elizabeth agus Susan (Lily) aitheanta go hidirnáisiúnta mar phearsana ceannródaíocha sa ghluaiseacht Ealaíon agus Ceardaíochta i dtús an 20ú haois, ach is dóigh go bhfuil a gcion faoi scáth ag an méid a bhí bainte amach ag a gcuid deartháireacha, an t-ealaíontóir Jack Yeats agus an file agus Buaiteoir Gradam Nobel, WB Yeats.

Bhunaigh Elizabeth agus Lily dhá ghnó rathúla i mBaile Átha Cliath, Dun Emer Industries (1902-1908) agus Cuala Industries (1908-1940), a rinne speisialtóireacht i bhfoilsitheoireacht stairiúil agus chomhaimseartha, lena n-áirítear, leabhair agus priontaí a bhí deartha ag ealaíontóir faoi stiúrthóireacht Elizabeth, agus bróidnéireacht faoi stiúrthóireacht Lily. Bhí éileamh ar a gcuid oibre ó chustaiméirí Éireannacha agus idirnáisiúnta. D’fhostaigh an dá ghnólacht mná den chuid is mó agus chuir siad oiliúint orthu.

Tá grianghraif agus buanábhar eile ar taispeáint i Sean-Leabharlann Choláiste na Tríonóide, rud a thugann blaiseadh dúinn de shaol oibre mhná Cuala chomh maith le samplaí de phriontaí agus d’obair shnáthaide a bhí á dtáirgeadh ag an ngnó. Cuirfidh scáileáin dhigiteacha sa Seomra Fada tuilleadh ábhair ar fáil ó bhailiúcháin Cuala Choláiste na Tríonóide. Tá an taispeántas, dar teideal ‘The Yeats Sisters & Irish Design: Making, Identities & Legacies’, mar chuid d’eispéireas cuartaíochta Leabhar Cheanannais agus beidh sé ar siúl go dtí an 26 Meán Fómhair. Féach anseo chun ticéid a chur in áirithe.

“D’oibrigh Tionscadal Cuala Press le roinnt blianta anuas ar mhaithe le cur le próifíl na ndeirfiúracha Yeats agus próifíl na n-ealaíontóirí a bhí ag comhoibriú leo” a mhíníonn an Dr Angela Griffith ó Scoil Staire agus Daonnachtaí Choláiste na Tríonóide agus comh-choimeádaí an taispeántais.

“Léirítear sa taispeántas seo an bealach inar chruthaigh Cuala Industries foirm shainiúil agus shofaisticiúil d’fhéiniúlacht chultúir na hÉireann don lucht spéise náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Déantar cíoradh sa taispeántas freisin ar stádas sóisialta na mban a bhí ag obair sa chéad leath den fhichiú haois agus tugtar aitheantas do mhisneach agus d’uaillmhian na mban i gCuala.

“Léiríonn an caighdeán maidir le táirgeadh ealaíne agus deartha Cuala a rannpháirtíocht le agus cur chur cinn teoiricí agus cleachtais Ealaíon agus Cheardaíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta. Leag Cuala caighdeán síos agus lean gach gnólacht eile dá leithéid in Éirinn an caighdeán sin. Cuireann a gcuid oibre léargas tábhachtach ar fáil freisin ar stádas sóisialta na mban a bhí ag obair sa chéad leath den fichiú haois, ar an gcion a chur na mná le tionscal agus gníomhaíocht na mban i dtáirgeadh ealaíne agus deartha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta araon.”

“Tabharfaidh an leagan taistil idirnáisiúnta den taispeántas seo ómós do lorg domhanda oidhreacht dheartha na ndeirfiúracha Yeats mar aon le ceiliúradh a dhéanamh air,” a dúirt an Dr Angela Byrne, comh-choimeádaí an taispeántais. “Agus mná na hÉireann de ghlúin na ndeirfiúracha Yeats ag dul ar imirce ina sluaite, chothaigh agus spreag an t-imirce seasta idir Éire agus an domhan mór léiriú cultúrtha. Bhí teicstílí Dun Emer ar taispeáint ag an Aonach Domhanda i St Louis agus ag Aontaí Éireannacha i Nua-Eabhrac sa bhliain 1904. Is cuid iad den oidhreacht chruthaitheach a bhain le streachailt na hÉireann neamhspleáchas a bhaint amach agus lenár n-áit sa domhan mór a chinntiú.”

Tá raon de bhailiúcháin fhíor-spéisiúla a bhaineann le Cuala Press i gColáiste na Tríonóide, lena n-áirítear, lámhphriontaí áille agus iad déanta agus deartha le lámh ag ealaíontóirí, taifid ó chartlann ghnó Cuala, sraith iomlán d’oibreacha foilsithe chomh maith le clóphreas agus cló agus cúpla céad de na bloic phriontála. Tá rogha den ábhar seo ar fáil don phobal mar bhailiúchán digiteach, Bailiúchán Cuala Press, mar chuid de Leabharlann Fhíorúil Choláiste na Tríonóide. 

Tá Fondúireacht Schooner ag tacú le tionscadal leanúnach chun catalógú, caomhnú, digitiú agus cur le feasacht an phobail ar an mbailiúchán.

Chuir Laura Shanahan, Ceann na mBailiúchán Taighde, Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, leis an méid sin:

"Táimid mórtasach sa Leabharlann go bhfuil sé ar ár gcumas obair na mban dochreidte seo a roinnt sa taispeántas, mar thoradh ar chomhpháirtíocht taighde agus caomhnaithe cartlainne idir an Leabharlann agus Roinn Stair na hEalaíne agus na hAiltireachta i mBailiúchán Choláiste na Tríonóide. Léiríonn an t-ábhar atá ar taispeáint sa taispeántas seo scil agus fadbhreathnaitheacht na bhfiontraithe mná seo, agus táimid ag súil go gcuirfidh scéal na mban cuairteoirí faoi gheasa, rud a choinneoidh Cuala Industries, na deirfiúracha Yeats agus a dtionchar in Éirinn agus lasmuigh den tír i gcuimhne na ndaoine.”

 

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551