Oíche Chultúir 2024

Posted on: 16 September 2024

Oíche Chultúir 2024

Beidh imeachtaí éagsúla ar siúl i gColáiste na Tríonóide ar Oíche Chultúir, Dé hAoine an 20 Meán Fómhair. Bí páirteach sa spraoi ar an ócáid bhliantúil seo don phobal ar fad agus ceiliúradh á dhéanamh ar fud na hÉireann ar an gcultúr, ar an gcruthaitheacht agus ar an ealaín.

Seo a leanas réimse imeachtaí a bheidh ar siúl i gColáiste na Tríonóide. Cliceáil ar na naisc agus gheofar mioneolas breise faoi gach imeacht.

 

Ambient Orbit in Áiléar Dhúghlas de hÍde

Beidh Ambient Orbit á chur i láthair beo as Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar Oíche Chultúir i gcomhar le hÁiléar Dhúghlas de hÍde.

Beidh meascán le cloisteáil d'ábhar taifeadta allamuigh, ceol timpeallach, ceol á sheinm beo ag Rachael Lavelle & Ryan Hargadon, Séamas Hyland agus Kim V. Porcelli, chomh maith le saothar speisialta le Tadhg O'Sullivan don tsúil. Beidh saorchead isteach ag an ócáid seo i gceartlár Bhaile Átha Cliath ar Oíche Chultúir – chuig spás ina bhféadann daoine moill a dhéanamh agus iad féin a thumadh sa cheol agus san ábhar fuaime agus sna híomhánna ina dtimpeall. Is clár ceoil speisialta Ambient Orbit a chraoltar ar RTÉ Lyric FM agus nach bhfuil bunaithe ar an láithreoir. Is clár faoi leith é i dtimpeallacht raidió na hÉireann le fuaimeanna timpeallachta agus taifeadadh allamuigh ó thírdhreach na hÉireann a fhitear go snoite snasta le chéile.

 Beidh deis áirithinte ar fáil go gairid.

 

Ceolchoirm den Cheol Aragail le Ceolfhoireann na Tríonóide

Tá Ceolfhoireann Choláiste na Tríonóide ar ais don bhliain acadúil 2024-2025 agus tá siad ag súil le tús a chur leis an séasúr nua trí pháirt a ghlacadh in Oíche Chultúir 2024! Tabharfar faoi thuras leathanréimseach trí sheánraí éagsúla amhail popcheol, ceol comhaimseartha, ceol Gaelach agus, ar ndóigh, an ceol clasaiceach, agus beidh sárchumas bhaill na ceolfhoirne le sonrú ar feadh thráthnóna breá de cheol aragail.

Ní mór áirithint don ócáid seo a dhéanamh ar eventbrite.

 

Lava Land: The Awesome World of Volcanoes

Tugann Grúpa Magmatachais Bhaile Átha Cliath, foireann saineolaithe maidir le bolcáin, cuireadh d’ábhar eolaithe de gach aoisghrúpa chuig Músaem stairiúil Choláiste na Tríonóide chun gnéithe spéisiúla de scéal na mbolcán a scrúdú. Bí istigh go bhfeictear nithe iontacha maidir le laibhe, magma agus bolcáin ag seastáin taispeántais idirghníomhaíochta. Ní gá áirithint a dhéanamh don ócáid seo.

 

Terry Pratchett at the Unseen University

Is ábhar ríméid ag Tionscadal Pratchett sraith de chainteanna speisialta faoi shaol agus faoi shaothar Terry Pratchett a chur ar siúl. Tiocfaidh réimse leathan cainteoirí le chéile don ócáid seo, gach aon duine acu ag plé le réimse taighde faoi leith, ábhar éagsúil agus spéisiúil i ngach cás a bhaineann leis an scríbhneoir clúiteach.

 Ardán idirdhisciplíneach is ea Tionscadal Pratchett (Pratchett Project) i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath atá dírithe ar thaighde faoi shaol agus faoi shaothar Terry Pratchett. Tá an tionscadal bunaithe ar an mbailiúchán cuimsitheach de shaothair Pratchett, maille le haistriúchán orthu go daichead teanga, atá ar coimeád i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, chomh maith le ceangal pearsanta Pratchett leis an gColáiste a d’eascair as an tréimhse ón mbliain 2010 ar aghaidh a chaith sé ina ollamh taca.

Is féidir áirithint a dhéanamh don ócáid anseo.

 

The Creative Gym

Cuireann Mol míChumais Choláiste na Tríonóide clár iléagsúil ar siúl sa Ghiomnáisiam Cruthaitheachta, spás ionchuimsitheach ina bhféachtar le deis a thabhairt do dhaoine aonair a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheachta rialta agus éagsúla. Féachtar le taighde ar néaraplaisteacht a chumasc le healaín ar mhaithe le dea-bhail an duine bunaithe i measc an phobail agus le húsáid na nEalaíon d’fhonn tuiscint agus taithí dhaoine éagsúla ar an míchumas a mhíniú agus a chur in iúl.

 Ceardlann trí huaire an chloig a bheidh i gceist le Giomnáisiam Cruthaitheachta Oíche Chultúir lena n-áirítear 30 nóiméad réamheolais, dhá uair an chloig le Ceardlann an Ghiomnáisiaim Chruthaitheachta lena mbainfidh filíocht, scríbhneoireacht chruthaitheach, dealbhadóireacht, seodóireacht, agus péintéireacht, agus 30 nóiméad le hamhránaíocht mar chlabhsúr in éineacht le Cairdeas, Cór Pobail na Seirbhísí do Dhaoine faoi Mhíchumas. 

Is féidir áirithint a dhéanamh ar eventbrite le haghaidh na hócáide seo.

 

Turas Treoraithe ar Champas Choláiste na Tríonóide

Tugtar cuireadh do dhaoine atá i láthair ar Oíche Chultúir cuairt a thabhairt timpeall champas stairiúil Choláiste na Tríonóide le treoraí a thugann eolas i nGaeilge. Beidh trí cinn de thurais á dtabhairt a mhairfidh tuairim is 30-40 nóiméad. Beidh siad ag tosú ag 17:45, 18:30 agus 19:15 ón Campanile sa Chearnóg Thosaigh. Ní gá áirithint a dhéanamh roimh ré ach ní mór a bheith ag an bpointe tosaigh sa Campanile ag an am cuí. Tugtar chun aire gur i nGaeilge a bheidh an chuairt faoi threoir á reáchtáil.

 

Naisc: Bí i dteannta Aonad18 do Theach Spraoi Oscailte!  

Tar chuig baile Choláiste na Tríonóide sa phobal chun na scéalta dearmadta ó Reilig Ghlas Naíon a chloisteáil le Warren Farrell, foghlaim ón Dr Dara Downey faoin gcaoi a bhfuil seirbhísigh Éireannacha le feiceáil i litríocht Ghotach Mheiriceá agus faigh tuiscint ar stair Eaglais agus Pharóiste Naomh Aindriú le Liz Nugent – agus cuirfidh léiriú ó Chlub Glee na Rinne clabhsúr leis an tráthnóna!

 

Breis eolais faoi Oíche Chultúir ar fáil ar https://culturenight.ie/