Socrúcháin & Comhairle don Nollaig & don Athbhliain

Posted on: 18 December 2025

Beidh laghdú ar rochtain ar an Ollscoil le linn laethanta saoire na Nollag agus na hAthbhliana ó am scoir Dé Máirt an 23 Nollaig 2025 go dtí maidin Dé hAoine an 2 Eanáir 2026.

Socrúcháin & Comhairle don Nollaig & don Athbhliain

Rochtain do Chónaitheoirí & do Bhaill Foirne Riachtanacha

Nuair a bheidh na geataí dúnta, is tríd an nGeata Tosaigh amháin a bheidh rochtain ag cónaitheoirí agus ag baill foirne riachtanacha atá ag siúl, nó le coinne trí Gheata Phlás Lincoln amháin dóibh siúd atá i bhfeithicil, nó trí theagmháil a dhéanamh roimh ré le Seomra Rialaithe na Seirbhísí Slándála ag 01 896 1317. Ba cheart liostaí de bhaill foirne riachtanacha a chur faoi bhráid Sheirbhísí na nEastát agus na Saoráidí ag estatesandfacilities@tcd.ie tráth nach déanaí ná am scoir Dé Máirt an 16 Nollaig 2025.

Amanna na nGeataí don Champas Oileáin i Lár na Cathrach

Féach ar an tábla thíos.

Campais Sheachtracha

D’fhéadfadh na hamanna rochtana a bheith éagsúil, agus ba cheart do Bhainisteoirí Roinne/Scoile dul i gcomhairle leis an mBainisteoir Áitribh atá acu.

Foirgnimh na hOllscoile

Dúnfaidh foirgnimh uile na hOllscoile Dé Máirt an 23 Nollaig 2025 agus osclóidh siad arís ag na hamanna cuí Dé hAoine an 2 Eanáir 2026.

An Seomra Poist – Uimh 1, Droichead Bóthar Iarainn

Dúnfaidh an Seomra Poist ag 12:00 Dé Máirt an 23 Nollaig 2025 agus osclóidh sé arís ag 07:00 Dé hAoine an 2 Eanáir 2026 nuair a thosófar ag seachadadh arís.

Comhairle Slándála

Le linn thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana, beidh an Ollscoil níos leochailí toisc go mbeidh laghdú ar ghníomhaíocht nó ní bheidh gníomhaíocht ar bith i roinnt Ranna/Scoileanna ó am scoir Dé Máirt an 23 Nollaig 2025 go dtí Dé hAoine 2 Eanáir 2026.

Tá sé tábhachtach go ndeánfadh Ranna/Scoileanna oiread agus is gá chun an leochaileacht a íoslaghdú trína chinntiú go bhfuil gach ní luachmhar daingnithe agus as radharc, go háirithe i gcás oifigí agus saoráidí ar urlár na talún. Ba cheart boscaí mionairgid agus earraí beaga iniompartha cosúil le ríomhairí glúine, ceamaraí srl. a stóráil go daingean i dtaisceáin oifige agus i gcófraí cruach. Ná fág eochracha gabhdán ina bhfuil nithe den sórt sin i dtarraiceáin deisce nó in áit ar bith eile san oifig.

Cinntigh go bhfuil gach gléas glasála (seachtrach) a bhaineann le doirse agus le fuinneoga ag feidhmiú go hiomlán mar is cuí. Más gá cothabháil a dhéanamh ar na gléasanna sin, tuairiscigh é, le do thoil, do Lárionad Seirbhíse Oifig na nEastát & na Saoráidí ag estatesandfacilities@tcd.ie gan mhoill. Seiceáil gach oifig/seomra agus gach saoráid eile le haghaidh guaiseacha slándála agus/nó guaiseacha eile sula ndéantar an foirgneamh a dhaingniú.

Déan deimhin de go bhfuil na doirse (lena n-áirítear doirse dóiteáin mura bhfuil éinne san fhoirgneamh ar an lá atá i gceist) agus na fuinneoga seachtracha go léir daingnithe mar is ceart sula bhfágtar an Ollscoil.

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhoirse agus ar fhuinneoga ar urlár na talún ar imlíne an Choláiste a dhaingniú i.e. Sráid an Phiarsaigh, Rae an Iarthair agus Plás Lincoln/Sráid Laighean Theas, 8 Cearnóg an Iarthair, Teach Dunlop Oriel, Sráid na bhFíníní, an grúpa foirgneamh ag Faiche an Choláiste/Plás Foster, Scoil an Altranais, Sráid D’Olier, agus Lárionad Eolaíochtaí Sláinte Choláiste na Tríonóide in Ospidéal San Séamas agus Ospidéal Adelaide agus na Mí ina gcorpraítear Ospidéal Náisiúnta na Leanaí.

Cuir nósanna imeachta ar bun, más gá, maidir le rochtain le linn na saoire nach gcuirfidh isteach ar shlándáil an fhoirgnimh/na hoifige.

Sláinte & Sábháilteacht

Má tá rochtain ag teastáil le linn na saoire, bain úsáid as an aip SafeZone, le do thoil, chun cabhair a lorg i gcás éigeandála. Déan cinnte de, le do thoil, go bhfuil tú eolach ar an bPolasaí Oibre Aonair.

Cinntigh, le do thoil, go gcastar as na gásanna go léir nach bhfuil gá leo i Saotharlanna agus i Saoráidí Taighde le linn na saoire. Cinntigh, le do thoil, go gcastar as aon ní ar féidir a chasadh as i Saotharlanna agus i Saoráidí Taighde agus go bhfágtar aon ní eile i riocht sábháilte. 

Déan cinnte de, le do thoil, go múchtar i gceart agus go sábháilte gach trealamh TF neamh-riachtanach, trealamh leictreach, agus soilsiú nach bhfuil gá leo le linn na saoire. Féach timpeall ar do dheasc agus cinntigh nach bhfuil aon cháblaí sínteacha ná gléasanna luchtaithe plugáilte isteach agus tú imithe. Díphlugáil agus cas as aon ghléasanna neamh-riachtanacha atá sa chistin agus cinntigh go bhfuil na doirse agus fuinneoga go léir dúnta i gceart.

Má tá maisiúcháin Nollag bhreise agat, cinntigh go bhfuil siad casta as nó nach bhfuil siad plugáilte isteach. 

Uimhreacha teagmhála – Slándáil 01 896 1317 nó ÉIGEANDÁIL 01 896 1999

Beannachtaí na Nollag agus na hAthbhliana.

Roinn na nEastát & na Saoráidí

Media Contact:

Joanne Carroll | Internal Communications Officer | joanne.carroll@tcd.ie | +353 86 136 8036